Is lá thar a bheith speisialta é Lá Fhéile Pádraig ar Inis Meáin, a deir Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh, nuair a imrítear an Corn Domhanda Ceid – spórt nach bhfuil ar fáil áit ar bith eile ar domhan
Ní mórán cuimhní a sheasann amach dom ó m’óige ar lá phátrún na hÉireann. Cuimhním go gcuirtí troscadh an Charghais ar athló ar feadh lá na féile ceart go leor, ach má chuirtí – m’anam ach gur íocaimis go daor as!
Toisc go raibh mo dheirfiúr, mo dheartháir agus mé féin uilig inár mbaill sa ghrúpa ceoil thraidisiúnta in Inis Córthaidh, bhíodh sé de phribhléid againn a bheith páirteach sa mhórshiúl a théadh timpeall an bhaile. Téarma sách scaoilte a bhí sa ‘pribhléid’ seo, ba cheart dom a mhíniú.
An socrú speisialta a dhéantaí don ghrúpa ceoil ar an lá mór ná go mbaintí na clúdaigh taoibh de leoraí Club Orange, agus go leagtaí dhá shraith de chathaoireacha crua scoile amach dúinn. Ní bhíodh oiread na fríde d’fhoscadh ar an ardán agus níorbh fhada a mbímis ar an mbóthar sula mbíodh ár gcuid barraicíní, méar agus srón gorm leis an bhfuacht.
Ní bhíodh leath den bhaile déanta againn fiú sula n-imíodh an mothú as na méara againn ach iallach orainn fós pé acu Fáinne Geal an Lae nó máirseáil Roddy McCorley a sheinm agus a athsheinm go dtí go mbaintí an pointe deiridh amach… go bhfóire Dia orainn ach go mbímis céasta cráite!
Thugtaí chun an tsiopa muid ina dhiaidh sin chun luach ár saothair agus ár rogha milseán a fháil agus meas tú cad a roghnaímis tar éis na huaireanta a chaitheamh agus muid préachta go smior – ach uachtar reoite 99! Lenár gceart a thabhairt dúinn, ba é Lá Fhéile Pádraig an chéad lá sa bhliain a mbíodh na ‘99s’ á ndíol agus dathú mealltach uaine curtha tríd an uachtar leis an lá a cheiliúradh. Fiú agus duine sioctha go cnámh, cé a d’fhéadfadh diúltú dá leithéid?
Seachas na cuimhní fánacha úd, ní mórán eile a ritheann liom faoi fhéilte Pádraig i gcaitheamh na mblianta, iad ag teacht agus ag imeacht mar a bheadh deireadh seachtaine saoire bainc ar bith eile ann. Sin é, go dtí gur tháinig mé go hInis Meáin.
Tá Lá Fhéile Pádraig ar na laethanta is mó sa bhliain ar an oileán. Tar éis na Nollag, d’fhéadfadh go bhfuil sé ar an lá is mó, go fiú.
Cé nár leag pátrún na hÉireann cos ar thalamh an oileáin (go bhfios dúinn, ar aon chaoi), tá ómós ar leith ag muintir Inis Meáin do Naomh Pádraig. Tá sé seo le feiceáil san iliomad buachaillí ar ainmníodh iad ina dhiaidh.
Ba é an cleachtas ar an oileán le fada ná go mbronntaí Pádraig ar an gcéad chlann mac sa teaghlach. Creideadh go dtarraingeodh sé seo beannacht nó ádh ar an teach.
Toradh an chleachtais seo ná go bhfuil fir darb ainm Pádraig chomh fairsing le féar ar an oileán – dá gcaithfeá cloch ar Inis Meáin gach seans go mbuailfeá Pádraig leis!
An rud is tábhachtaí i bhfad faoin lá ar an oileán áfach, agus an fáth go bhfilleann muintir an oileáin ar Inis Meáin ó ó chian is ó chóngar ar an 17 Márta, ná an Corn Domhanda Ceid.
Ní haon bhréag ná magadh atá sa teideal úd don chluiche ársa uathúil seo. Ní imrítear an cluiche ach amháin ar Inis Meáin, ní cheadaítear ach d’fhir é a imirt, agus ní imrítear é ach amháin ar Lá Fhéile Pádraig.
Bíonn ceathrar captaen ann, a roghnaítear as buaiteoirí na bliana roimhe agus roghnaíonn na captaein seo foireann de sheisear nó seachtar ar an lá mór sa pháirc spóirt in aice le Trá Leictreach Inis Meáin.
Bailíonn na hoileánaigh idir óg agus aosta ina sluaite chun féachaint ar an gcluiche mar a thriaileann na himreoirí ar an ‘cead’ (píosa beag adhmaid) a ardú ón talamh le slat in aon bhuille amháin, agus an dara buille a bhualadh air mar atá sé san aer chun an cead a chur go ceann scríbe (rópa a leagtar amach ar an talamh 30 méadar uathu).
Má bhaintear an rópa amach, bronntar ‘poc’ ar an imreoir agus seasca poc de dhíth ar fhoireann chun an cluiche leathcheannais a bhaint amach.
Pé foireann a thugann bua an chluiche ceannais féin leo, bronntar an Corn Domhanda orthu agus greantar ainm gach buaiteora ar an gcorn a choinnítear ar taispeáint i dTeach Ósta Inis Meáin ó cheann ceann na bliana – an Teach Ósta céanna ina mbíonn meidhreacht go maidin ar oíche lá na féile!
Tá an t-ádh liom go bhfuil mé tar éis trí fhéile de chuid Naomh Pádraig a cheiliúradh ar Inis Meáin anois agus caithfidh mé a rá go bhfuil rud éigin thar a bheith speisialta faoi.
Ní féidir an spraoi, an fuinneamh ná an mórtas mór áite a bhraithim i measc na ndaoine anseo a chur i gcomparáid le háit nó le ceiliúradh ar bith eile.
Go maire muid beo ar an am seo arís agus go maire an cluiche cead go deo na ndeor!